← Nuair a bhí sé in aice an tighe, d'isligh sé den chapall agus chaith sé cúpla punt i n-aoileach an chapaill, agus dúirt sé leis na gárdaí go raibh an capall lán d'airgead. 🔊
← Thug na gárdaí deich bpunt dó uirthi ag ceapadh go mbeadh siad saibhir go brách, ach pingin nó leith-phingin ní bhfuair siad. 🔊
← Nuair a tháinig siad chuige le príosúnach a dhéanamh dhe, bhí giorria aige, agus dúirt sé go mba é an teachtaire a b'fhearr a bhí aige riamh, go mbíodh sé ag iompar airgid go dtí an siopa dhó. 🔊
← Dúirt sé go maródh sé a bhean, agus go ndéanfadh sé beo arís í. 🔊
← Dúirt Brian go raibh sé ag dul go na Flaithis. 🔊
← Cheistigh siad é, agus dúirt sé go bhfuair sé na beithigh amuigh sa bhfarraige agus go raibh go leor fágtha fós ann. 🔊